Tuairisc faoi comhthionól
"Ag Tógáil Ár Economaíocht Áitiúil"
Published as 'Beocheist' in The Irish Times
Dara Ó Maoildhia, 14/4/95
Bhí cháipéis príomháideach agus faoi
rún ag dul thart sa C.I.A., sna Stáit Aontaithe, roinnt blianta ó
shin ag rá, ós rud é go raibh an cummanachas titithe, gurb é
an contúirt is mó anois atá ann ná na grúpannaí
beaga áitiúla atá bunaithe ar fud an tríú domhan.
Scríobh an C.I.A. go bhfuil fadhb mór cosc a choineáil orthu
siúd mar go bhfuil an méid sin ann, agus nách bhfuil aon ceannaireacht
soiléir orthu.
Ar Inis Mór, Árainn, ag tús Mí Aibreán, bhí
comhthionól mór de na grúpannaí beaga áitiúla
seo a tháinig ó chuile cúinne den tír. Agus is cinnte,
bhí réabhlóid san aer! Tháinig thart ar céad duine,
chuile ceann acu páirteach agus gnóthach in obair áitiúil
chun an saol a athrú do dhaoine. Bhí Paraic Cannon ann ó Comharchumann
Bia Baile Átha Cliath, Bridie Cardiff ó Wicklow Community Services
Council, Joan O Callaghan as Nasc Mná an Iarthair, Sheila Ryan as comharchreidmheas
Tallow i bPort Láirge, Ivan McPhillips as Meitheal Forbartha na Gaeltachta,
Turloch de Blacam as Comhlucht Cniotáil Inis Meán.
"Ag Tógáil An Eacnamaíocht Áitiúil"
a bhí i gceist, agus chaitheamar trí lá le chéile. Bhí
Eamon Ó Cuív TD an tógtha leis an córas aistriúcháin
ó Ghaeilge go Béarla. Bhí aistritheoir istigh i mbosca agus
daoine nách raibh Gaeilge acu, chuir siad cluasáin orthu agus fuaireadar
aistrúcháin chomhuaineach. "Tá córas mar an gcéanna
sa Dáil", a dúirt Eamon, "ach ní chuireann na teachtaí
dála na cluasáin orthu mar go dtaispeanach sé nach bhfuil an
Ghaeilge acu!" Ag an gcomhdháil seo in Árainn, bhí daoine
ag troid chun cluasán a fháil, mar nach raibh go leor acu ann. Tortha
amháin a tháinig as an deireadh seachtain ná go bhfuil Bórd
na Gaeilge chun infheistíocht a dhéanamh ar scór eile.
Seo é an chéad uair riamh a raibh comhthionól mar seo ar Inis
Mór. Roinnt blianta ó shin, ní raibh na h-achmhainní
ann - halla mór le teas breá, cistin, agus seomraí beaga éagsúla;
agus báid a thiocfadh go rialta laethiúil ag an am seo den bhliain.
Taispeánann é seo go bhfuil fás tagtha cheana féin ar
an eacnamaíocht ar Inis Mór.
Ach 'sé an cheist a bhí ann ná an sórt forbairt eacnamaíochta
a bhéadh oiriúnach go h-áit. Ní raibh suim ar bith ag
daoine i gcomhluchtaí idirnáisiúnta, ná fíú
amháin i gcomhluchtaí móra náisiúnta. Gnóannaí
beaga áitiúla ab é an bealach is fearr a cheap daoine.
Dúirt Máirtín Ó Maoláin as Inis Mór, ceann
de na cainteoirí, gurb é a fhís do Inis Mór ná
go mheadh gnó beag bunaithe i chuile bhaile de na ceithre bailte déag
atá ar an oileán. Dúirt sé freisin go gcaithfidh an dole
fanacht ar an oileán, mar dá mbeadh chuile dhuine fostaithe, imeodh
an saol traidisiúntach ar fad as an oileán. Siad na daoine ar an dole
nó ar pinsin éigin atá ag coineáil an bó, ag cur
na fataí, agus ag iascaireacht ins na currachaí beaga traidisiúntach.
Bhí go leor caint faoi airgead. Dúirt Kathleen O'Neill as Kilbarrack,
Bleá Cliath, go bhfuileamar sa leaba leis an namhad má táimid
ag braith ar airgead ón stáit, nó ón EU. B'fhearr léi
fanacht amach as an sórt fundóireacht sin ar fad. Arís agus
arís eile bhí caint faoin gluaiseacht comharchreidmheas. Bhí
Richard Douthwaite, as Cathair na Mart, ag rá gur cheart dúinn stop
a chur le airgead a chur sa banca. Úsáideann na bancanaí an
t-airgead sin chun iasachtaí a thabhairt do comhluchtaí móra
sna cathracha, agus ní théann sé ar ais ins na h-áiteanna
as a dtagann sé. An áit a théann an t-airgead, téann
na daoine, mar is ansin a bheidh fostaíocht le fáil. Sa bhealach sin,
tá an daonra ag laghdú in iarthar na h-Éireann. Chun an scéal
sin a athrú, caithfidh an t-airgead fanacht san áit. Tugann an Comharchreidmheas
an seans sin do dhaoine, ach freisin anois tá córas nua LETS (Local
Exchange Trading System) ag fás ar fud na tíre. Seo córas airgead
áitiúil. Coiníonn an córas seo neamhspleách ó
na margaidh idirnáisiúnta agus na rátaí ús.
Dúirt go leor daoine gurb é an rud is tabhachtach do gnóannaí
beaga ná airgead a fháil ar iasacht ar ráta íseal.
ían Comhrá nó Colloquium seo eagraithe ag Comharchumann Forbartha
Inis Mór agus An Chaidreamh Éiriú. Cuireadh tús le chuile
sheisiún le píosa ceol, agus sna trathnóna bhí damhsa
seit, taispeantas agus díol ealaíon agus lámhcheird Árann,
agus chuir Lelia Doolan roinnt scannáin gearr ar fáil, mar sórt
'mini-festival'. Cuireadh deireadh leis an colloquium le béile mór,
céilí, agus cur crann dair Naomh Brighid ag séipéal Cill
Rónáin tar éis aifreann an Domhnaigh.
^ Back To Top